D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit um Athchóiriú an Dlí, Ceartas Óige agus Inimirce, James Browne TD, inniu go gcuirfear tús le próiseáil víosaí iontrála gearrfhanachta arís.

Tiocfaidh an t-aistriú i bhfeidhm ón Luan, 13 Meán Fómhair 2021.

Tá an t-aistriú chun próiseáil víosaí gearrfhanachta a atosú ag teacht leis an gcéad chéim eile d’fhreagairt an Rialtais ar an bpaindéim, Covid-19: Ag Athfhrámáil an Dúshlán, Ag Leanúint lenár dTéarnamh agus ag Athcheangal.

Ní mór do gach taistealaí a thagann isteach go hÉirinn leanúint ar aghaidh ag comhlíonadh na mbeart atá riachtanach faoin dlí lena n-áirítear cruthúnas vacsaínithe a sholáthar, aisghabháil ó Covid-19 nó tástáil PCR diúltach chuig Rialú Inimirce ag a gcalafort iontrála.

Tá deireadh curtha anois le gach srian Covid-19 ar víosa iontrála agus ar phróiseáil réamh-imréitigh, a tugadh isteach mar bheart eatramhach riachtanach chun cabhrú le scaipeadh Covid-19 a laghdú.

Mura bhfuil tú cinnte an dteastaíonn víosa/réamh-imréiteach uait chun teacht isteach in Éirinn is féidir leat seiceáil anseo trí do náisiúntacht a chur isteach.