Leanann an t-éileamh ar sheirbhísí inimirce na hÉireann ag méadú ag ráta suntasach. Bíonn ár n-úsáideoirí seirbhíse ag súil go cuí go mbeidh próisis inimirce pearsantaithe, tráthúil agus freagrúil. Tá an Roinn tar éis tosú ag aistriú ó phróisis pháipéir-bhunaithe agus atá dian ar shaothar go seirbhísí inimirce tosaigh atá éifeachtach, láidir agus atá dírithe ar an gcustaiméir, ag teacht lenár mbeartas Digital First.
Mar chuid den aistriú seo, tá straitéis dhigiteach le haghaidh inimirce forbartha ag Seachadadh Seirbhíse Inimirce [ISD]. Tá an straitéis deartha le bheith ag teacht le straitéisí TFC an rialtais agus na Roinne Dlí agus Cirt.
Tá trí cholún sa straitéis ISD:
- Custaiméirí
- Féinseirbhís chomhsheasmhach atá ‘Digital First’
- Ilbhealaí a chinntíonn idirghníomhaíocht níos éasca
- Roinnt faisnéise tábhachtach
- Foireann
- Teicneolaíocht a chuireann ar chumas na foirne oibriú go héifeachtach
- Soghluaisteacht dea-shainithe agus conair gairme
- Foireann spreagtha ag forbairt go leanúnach
- Múnla Oibriúcháin
- Bonneagar teicneolaíochta optamaithe
- Teicneolaíocht a chumasaíonn úsáid níos fearr faisnéise
- Struchtúr a léiríonn próisis éifeachtacha
Cuirfear an straitéis i bhfeidhm ar bhonn céimnithe, sonraithe thíos.
Cur i bhfeidhm céimnithe
| Céim a haon | Céim a dó | Céim a trí | Céim a ceathair | |
|---|---|---|---|---|
| Múnla oibriúcháin | Déan amach an próiseas faoina ndearfar samhail oibriúcháin | Dear an tsamhail oibriúcháin ag baint úsáide as an gcur chuige a sainaithníodh i gcéim a haon | Plean trasdula trí phas
1. Oibríochtaí neamhspleácha 2. Braitheann TF ach neamhspleách ar fheidhmeanna eile 3. Gach aonad eile |
Múnla oibriúcháin curtha i bhfeidhm go hiomlán |
| Gníomhaíochtaí comhthráthacha | – Scéim digiteach deimhnithe COVID a sheoladh
– Infheistíocht mhéadaithe i bhfoirmeacha ar líne – An tionscnamh um sheirbhís do chustaiméirí a leathnú – Leathnú ar an imfhiosrú – Tionscnamh maidir le cáilíocht sonraí agus sláine sonraí – Ríomhshínithe a thabhairt isteach |
– Scóip aistrithe oibríochtaí GNIB (de réir na tuarascála Future of Policing in Ireland)
– Ailtireacht sonraí a thabhairt chun críche agus tús a chur le próiseas mapála an chórais TFC – Dear plean trasdula |
– Ag bogadh i dtreo fuinneog aonair ar stair inimirce / radharc 360° an chustaiméara
– Anailís maidir le deighilt roghnach custaiméirí – Ag tarraingt ar shonraí ranna eile chun dúbailt a laghdú |
– AI i rannpháirtíocht custaiméirí |