Sa Roinn Seo
Réamhrá
Is scéim riaracháin í an scéim um Imirceach Neamhdhoiciméadaithe Fadtéarmach a Rialáil a bunaíodh faoi chumhachtaí feidhmiúcháin an Aire, chun stádas imirceach fadtéarmach gan doiciméid a chónaíonn sa Stát a thabhairt chun rialtachta.
Incháilitheacht
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Lean na céimeanna seo le do thoil chun iarratas a dhéanamh ar chead faoin Scéim um Rialáil Imircigh Neamhdhoiciméadaithe Fadtéarmacha:
An bhfuil táille i gceist?
Sea, tá táille iarratais i gceist.
Cad iad na doiciméid nach mór dom a chur isteach mar chuid de m'iarratas?
Mar chuid den phróiseas iarratais ar líne, ní mór do gach iarratasóir fianaise ar a chéannacht agus ar a gcónaitheacht neamhdhoiciméadaithe sa Stát a sholáthar ar feadh dhá, trí nó ceithre bliana (féach na critéir thuas) roimh sheoladh na scéime an 31 Eanáir 2022.
Má tá iarratas á dhéanamh agat mar aonad teaghlaigh, ní mór duit fianaise ar an gcaidreamh idir baill teaghlaigh a sholáthar ar an bhfoirm iarratais freisin.
Tá sé ríthábhachtach go gcomhlánaíonn tú an fhoirm iarratais go hiomlán agus i gceart agus go gcuireann tú isteach í agus na doiciméid go léir a theastaíonn, lena n-áirítear an táille chuí ar an dáta deiridh nó roimhe.
Cad a tharlóidh má éiríonn le m'iarratas?
Má éiríonn le d’iarratas seolfaimid litir chugat sa phost ag insint duit:
Cad a tharlóidh mura n-éiríonn le m’iarratas?
Cuirfimid in iúl duit i scríbhinn nár éirigh le d’iarratas, agus na cúiseanna leis, tríd an bpost.
Ceisteanna coitianta
Is féidir leat freagraí a fháil ar cheisteanna coitianta .