Tá áthas ar an tseirbhís Inimirce a dhearbhú go bhfuil an Clár Tarscaoilte Víosa Gearrfhanachta tar éis tosú arís. Cuireadh ar fionraí é mar gheall ar Covid-19 ach tá ordú sínithe ag an Aire Dlí agus Cirt lena gceadaítear é a atosú le héifeacht ó mhaidin an 31 Deireadh Fómhair 2021. Ligeann an Clár seo do dhaoine a thugann cuairt ar an Ríocht Aontaithe ar víosaí gearrfhanachta taisteal go hÉirinn. Faoin gcomhaontú, caithfidh na sealbhóirí víosa Éire a fhágáil sula dtiocfaidh deireadh lena gcead fanacht sa RA.
Tá méadú tagtha freisin ar líon na dtíortha atá clúdaithe ag an gclár seo go ceithre cinn is fiche agus seacht dtír nua curtha leis. Is iad na tíortha nua seo ná an Indinéis, na hOileáin Fhilipíneacha, Vítneam, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an Chosaiv, an Cholóim agus Peiriú. Seo a leanas liosta iomlán na dtíortha atá clúdaithe ag an gclár seo
- Bairéin
- Bhealarúis
- An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
- an Cholóim
- India
- Indinéis
- Chasacstáin
- Chosaiv
- Cuáit
- Montainéagró
- Óman
- Daon-Phoblacht na Síne
- Peiriú
- hOileáin Fhilipíneacha
- Catar
- Poblacht na Macadóine Thuaidh
- Cónaidhm na Rúise
- An Araib Shádach
- Seirbia
- Téalainn
- Tuirc
- Úcráin
- Úisbéiceastáin
- Vítneam
Tá sonraí iomlána faoin gClár le fáil anseo .