Tá an Líne Chabhrach Teileafóin Saoránachta ar fionraí go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Féadfaidh iarratasóirí leanúint le fiosrúcháin a chur isteach tríd an deasc chabhrach ríomhphoist. Tabharfar fógra faoin atosú seirbhíse teileafóin tríd an suíomh Gréasáin seo.
Mar gheall ar na srianta a chuir Paindéim COVID-19 i bhfeidhm agus an ceanglas a ghabhann leis na treoirlínte sláinte poiblí a chomhlíonadh, tá moill nach bhfacthas riamh roimhe maidir le hadmhálacha a eisiúint agus le doiciméid a phróiseáil agus a chur ar ais. Ag teacht le treoirlínte an Rialtais, tá méadú tagtha ar líon na mball foirne a fhreastalaíonn ar an láthair ach tá srianta sláinte agus sábháilteachta fós ar líon iomlán na mball foirne a cheadaítear san oifig ag aon am ar leith.
Le linn na tréimhse seo tá fócas na Saoránachta ar phróiseáil ghinearálta na n-iarratas agus go háirithe ar na hiarratais sin 2 bhliain nó níos mó sa chóras. Ba chóir a thabhairt faoi deara gur lean an Rannán Saoránachta ag próiseáil iarratais ar fud na Paindéime. Déileálfar le hiarratais nua chomh luath agus is féidir.