Ba mhaith le Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) a mheabhrú do chustaiméirí víosa a bheith an-aireach agus iad ag déanamh a n-iarratas ar víosa ar líne.
Ní féidir iarratais ar víosaí Éireannacha a chruthú agus a chur isteach ach ar shuíomh Gréasáin oifigiúil AVATS: AVATS (inis.gov.ie). Má tá iarratas ar víosa á déanamh agat, nó íocaíocht ghaolmhar, ar aon suíomh Gréasáin eile féadfaidh tú a bheith ag baint úsáide as suíomh clónáilte nó calaoiseach agus ní bhfaighidh an Oifig Víosaí d’iarratas ná ní phróiseálfar é.
Má tá aon cheist nó imní ort faoin suíomh Gréasáin atá á úsáid agat chun d’iarratas ar víosa a dhéanamh, déan teagmháil le do thoil le [email protected] agus beidh ball dár bhfoireann Seirbhíse do Chustaiméirí in ann cabhrú leat.
