Oifig Chlárúcháin na Seirbhísí Inimirce Tá líon an-mhór iarratas á dhéanamh faoi láthair ag Oifig Chlárúcháin na Seirbhísí Inimirce Cé an Bhuirg, Baile Átha Cliath, ar athnuachan cead agus tá tréimhse próiseála 3-4 seachtaine acu faoi láthair chun cárta IRP a athnuachan.
Tar éis don athnuachan Clárúcháin a bheith críochnaithe féadfaidh sé dhá sheachtain eile a thógáil chun an cárta IRP nua a fháil tríd an bpost. D’fhéadfadh go mbeadh gá le cárta IRP le dáta chun taisteal chuig agus ón Stát a éascú.
Chun éascú a dhéanamh do Náisiúnaigh Neamh-LEE a bhfuil cónaí orthu go dleathach sa Stát agus a bhfuil sé ar intinn acu taisteal thar thréimhse saoire na Nollag tá an tAire ag tathant ar chustaiméirí iarratas athnuachana a chur isteach ar líne faoin 31 Deireadh Fómhair 2023.
Dá bhrí sin, ba cheart do Náisiúnaigh Neamh-LEE sa Stát, a bhfuil cónaí orthu i limistéar Bhaile Átha Cliath agus a gceanglaítear orthu iarratas a dhéanamh ar athnuachan a gcárta IRP, roimh nó le linn aon taistil idirnáisiúnta atá beartaithe thar thréimhse saoire na Nollag atá le teacht, iarratas a dhéanamh ar líne trí thairseach ar líne ISD a luaithe is féidir.
Ag cur san áireamh na hamanna próiseála reatha, de bheagnach 6 seachtaine, ní féidir le hOifig Chlárúcháin na Seirbhísí Inimirce, Cé an Bhuirg, Baile Átha Cliath ráthaíocht a thabhairt go ndéanfar aon athnuachan a chuirtear isteach tar éis an 31 Deireadh Fómhair 2023 a phróiseáil agus go seachadfar cárta IRP in am chun taisteal thar thréimhse saoire na Nollag a éascú.
Tabhair faoi deara le do thoil: Beag beann ar an dáta a chuirtear isteach nó a bpróiseálfar iarratas ar athnuachan, beidh an tréimhse bailíochta chun an cead a athnuachan bunaithe ar an dáta éaga reatha.