Searmanas SaoránachtaIs mian leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a chur in iúl go leanfar leis na searmanais Saoránachta atá sceidealaithe don 2 agus 3 Márta mar a bhí beartaithe. Cuirfear na nithe seo a leanas in iúl d’iarrthóirí le ríomhphost nó ar an teileafón inniu:

Ba cheart d’iarrthóirí agus a n-aíonna a d’fhill ó réigiún atá buailte le COVID-19 le 14 lá anuas nó a bhí i ndlúth-theagmháil le cás dearbhaithe nó dóchúil de COVID-19 le 14 lá anuas, agus a bhfuil airíonna acu (casacht, giorracht anála, deacrachtaí análaithe nó fiabhras) iad féin a aonrú sa bhaile agus glaoch a chur ar a ndochtúir gan mhoill, agus iarrtar orthu gan freastal ar an searmanas.

Is é liosta reatha na réigiún atá buailte le COVID-19 ná: Mórthír na Síne, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin agus 4 réigiún i dTuaisceart na hIodáile: Veneto, Lombardy, Emilia-Romagna, Piedmont

Chun cabhrú leis an míchaoithiúlacht a laghdú, tugtar comhairle d’iarratasóirí go reáchtálfar searmanas malartach ar an 17 Aibreán nó roimhe. Iarrtar ar iarrthóirí atá ag baint leasa as an searmanas malartach fógra a thabhairt do Shaoránacht faoina bhfuil beartaithe acu ar an 29 Feabhra nó roimhe.”
Seo a leanas an próiseas fógra;

  • Ríomhphost [email protected]
  • Ba cheart tagairt a dhéanamh do líne an ábhair dóibh seo a leanas: Lá, Am, Uimhir chuiridh an Iarrthóra mar shampla – “Dé Luain 10.30am , 20A-43”
  • Rachaidh Saoránacht i dteagmháil leat laistigh de 48 uair an chloig chun a dhearbhú go bhfuarthas é
  • Mura bhfuil freagra faighte agat ó Shaoránacht laistigh de 48 uair an chloig, seol ríomhphost chugainn le do thoil.

Leanfaidh an Roinn ag déanamh monatóireachta ar fhorbairtí; idir an dá linn moltar d’iarrthóirí cuairt a thabhairt ar https://www.irishimmigration.ie/how-to-become-a-citizen/ le haghaidh nuashonruithe stádais.