Beidh na chéad searmanais saoránachta eile ar siúl Dé hAoine 3 Iúil 2020 ag an Ionad Comhdhála Chill Áirne i gCill Airne, Co. Chiarraí.
Ná déan teagmháil linn maidir leis seo, le do thoil, mar nílimid in ann cuireadh a dhearbhú ag an bpointe seo. Cuirfear in iúl d’iarratasóirí a dtabharfar cuireadh dóibh in am trátha.
Braitheann na himeachtaí seo go hiomlán ar an gcomhairle a fhaightear ó oifigigh bheartais Sláinte Poiblí agus ó ghairmithe Cúram Sláinte. Leanfaidh an Roinn ag déanamh monatóireachta ar fhorbairtí. Idir an dá linn moltar d’iarratasóirí cuairt a thabhairt ar https://www.irishimmigration.ie/how-to-become-a-citizen/ chun nuashonruithe a fháil.
Ag an searmanas glacfaidh iarrthóirí mionn dílseachta don náisiún, gheobhaidh siad a dteastas eadóirseachta agus beidh siad ina saoránaigh Éireannacha mar sin.
Léigh cur síos níos faide ar cad a tharlaíonn ag searmanas saoránachta anseo: https://www.irishimmigration.ie/how-to-become-a-citizen/citizenship-ceremonies/ .