Tá iarratais ar an Scéim Idirthréimhseach um Chosaint Shealadach (TPTS) oscailte ón 30 Meán Fómhair 2026 do thairbhithe incháilithe um Chosaint Shealadach ar mian leo aistriú chuig cead inimirce malartach in Éirinn.

Is féidir le hiarratasóirí incháilithe a n-iarratas a chur isteach agus rochtain a fháil ar threoirlínte mionsonraithe na scéime tríd an tairseach iarratais ar líne don Scéim Idirthréimhseach um Chosaint Shealadach: https://inisonline.jahs.ie/user/login

Moltar d’iarratasóirí an treoir a athbhreithniú go cúramach sula gcuireann siad a n-iarratas isteach agus a chinntiú go gcuirtear an fhaisnéis agus na doiciméid tacaíochta uile is gá ar fáil.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/department-of-justice-home-affairs-and-migration/campaigns/ukraine-updates-en/