Beidh na chéad searmanais eile ar siúl Déardaoin an 17ú agus Aoine an 18ú Meán Fómhair 2026 in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath .
Ná téigh i dteagmháil linn ina thaobh seo, le do thoil, mar nach bhfuil deis againn cuirí a dheimhniú ag an gcéim seo. Eiseofar cuirí in am trátha.
Ceanglófar ar iarrthóirí doiciméid aitheantais a thabhairt ar aird chun críocha fíoraithe – Pas bailí, mar shampla. Tá ceadúnas tiomána ar an gcineál eile aitheantais fhótagrafaigh a bhféadfar glacadh leis. Sa chás nach mbeidh tú ábalta pas bailí a thabhairt ar aird tabhair modh eile aitheantais leat, le do thoil.
Ag an searmanas tabharfaidh na hiarrthóirí mionn dílseachta don náisiún. Eiseofar deimhnithe nádúraithe tríd an bpost níos déanaí.
Léigh cur síos níos faide faoi na rudaí a tharlaíonn ag searmanas anseo: Searmanais Saoránachta