Tá an Roinn ag leanúint ar aghaidh ag obair chun teacht ar réitigh ar an gcás chomh tapa agus is féidir. Tá leas na n-iarratasóirí agus na n-iarratasóirí amach anseo chun tosaigh inár mbreithnithe.

Ar Déardaoin an 25 Iúil 2019, fuair an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Charlie Flanagan faomhadh na Comh-Aireachta do Bhille molta, a fhéachann leis an tsaincheist a d’eascair sa bhreithiúnas Ard-Chúirte le déanaí a réiteach.

Tá sé ar intinn ag an Aire oibriú le hOifig an Ard-Aighne agus treoir a thabhairt d’Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte bille a dhréachtú ar bhonn práinne agus faoi bhráid Thithe an Oireachtais lena bhreithniú i lár mhí Mheán Fómhair a luaithe a thagann deireadh leis an sos.

Tá sé i gceist go rachaidh an Searmanas Saoránachta atá le bheith ar siúl ag deireadh mhí Mheán Fómhair fós ar aghaidh agus tá pleanáil ar siúl ar an mbonn sin.

Maidir leis an mbreithiúnas féin, inné (25 Iúil 2019), socraíodh dáta chun achomharc a éisteacht ag an gCúirt Achomhairc. Is í an chomhairle atá againn do dhaoine atá ag pleanáil iarratas a dhéanamh ar shaoránacht ná leanúint de na cruthúnais riachtanacha go léir a thacaíonn le d’iarratas a bhailiú agus foirm iarratais chuimsitheach a chur isteach. Nuair a bheidh réiteach i bhfeidhm, má bhíonn aon eolas breise ag teastáil, rachfar i dteagmháil leat mar chuid de phróiseáil d’iarratais.

Ní chreidimid go bhfuil iarmhairtí ag an rialú seo d’aon duine a bhfuil saoránacht faighte acu cheana féin faoin Acht.

Iarraimid do foighne leanúnach agus muid ag cur réiteach i bhfeidhm mar thosaíocht phráinneach. Cuirfear nuashonruithe breise ar an suíomh Gréasáin seo nuair a bheidh siad ar fáil. Más mian leat labhairt linn faoi do chás, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn anseo .

Rannóg na Saoránachta
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann