Ba mhaith liom a chinntiú do dhaoine go bhfuil gach rud is féidir á dhéanamh againn chun réiteach a chur i bhfeidhm ar bhonn práinne. Ghlac mé sainchomhairle dlí agus tá sé ar intinn agam reachtaíocht a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a d’eascair i mbreithiúnas saoránachta na hArd-Chúirte le déanaí maidir leis an dlí lena rialaítear iarratais ar shaoránacht.

Ag deireadh mhí Iúil, fuair mé faomhadh na Comh-Aireachta do Bhille molta agus tá dianobair ar siúl i mo Roinn mar a bhfuil oifigigh ag obair le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte in Oifig an Ard-Aighne chun dréacht-Bhille a thabhairt chun críche.

Tá sé ar intinn agam an Bille a thabhairt isteach san Oireachtas a luaithe a fhillfidh Tithe an Oireachtais ar sheisiún. Tá a fhios agam go bhfuil imní ar chomhghleacaithe ó gach páirtí faoin deacracht atá tagtha chun cinn agus táim dóchasach go ndéanfaidh an tOireachtas an Bille a bhreithniú go luath agus go dearfach.

A luaithe a thiocfaidh an Bille ina dhlí, déanfaidh m’oifigigh gach socrú is gá don chéad Searmanas Saoránachta eile. Eiseofar cuirí ceithre seachtaine ar a laghad roimh an searmanas chun a chinntiú go mbeidh fógra leordhóthanach ag gach duine.