Cosaint Shealadach do Náisiúnaigh Úcránacha
Cúnamh le riarachán iarratas
Glao ar thograí 2025
Tá seirbhís conarthach i bhfeidhm ag Foireann Freagartha na hÚcráine sa Roinn Dlí agus Cirt ó mhí an Mhárta 2022 chun tacú le Rialtas na hÉireann maidir le riaradh na nósanna imeachta iarratais do náisiúnaigh Úcránacha agus a dteaghlaigh in Éirinn atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Tá an conradh reatha le hathnuachan i mí Feabhra 2026. Tá an Roinn ag lorg tograí anois ó eagraíochtaí ar spéis leo an tseirbhís seo a sholáthar.
Is é cuspóir an tionscadail tacú le himirce ordúil, sábháilte agus rialta do náisiúnaigh uile na hÚcráine agus dá dteaghlaigh atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht san Úcráin in éineacht le náisiúnaigh tríú tíortha a bhí ina gcónaí san Úcráin ag tús na coinbhleachta. Áirítear ar na tascanna, ach níl siad teoranta dóibh, faisnéis a sholáthar do dhaoine nua a thagann isteach lena n-áirítear tacaíocht chultúrtha, seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta.
Ba cheart go mbeadh taithí agus saineolas léirithe ag iarratasóirí i seachadadh gníomhaíochtaí comhchosúla nó inchomparáide agus ní mór dóibh a bheith in ann an tionscadal a chur i gcrích i Mol Idirthréimhse na hÚcráine sa Chathair Thiar, Teach Sagard, Co. Bhaile Átha Cliath, aerfort Bhaile Átha Cliath agus in áiteanna réigiúnacha eile.
Tá sonraí an tionscadail ar fáil san Fhoirm Iarratais ar Ghlao ar Thograí .
Seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe seo trí ríomhphost chuig [email protected] agus cinntigh go bhfuil “Glao ar thograí – cúnamh le clárú” curtha isteach sa líne ábhair.
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná
5:00pm Dé Céadaoin an 7 Eanáir, 2026