Tar éis don Rialtas athruithe beartais atá beartaithe agus forbairtí reachtacha a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta agus saoránacht a cheadú, tiocfaidh an t-athrú seo a leanas i bhfeidhm ó Luan, an 8 Nollaig 2025 :
- Go ginearálta, ní mór do dhaoine a ndeonaítear Cosaint Idirnáisiúnta dóibh cúig bliana de chónaí incháilithe a bheith acu sa Stát sula bhféadann siad iarratas a dhéanamh ar shaoránacht.
Leanfar d’iarratais a fhaightear roimh an 8 Nollaig 2025 a phróiseáil faoin riail 3 bliana roimhe seo, agus déanfar measúnú ar iarratais a chuirtear isteach ón 8 Nollaig 2025 ar aghaidh i gcomhréir leis an riachtanas nua cónaitheachta 5 bliana.