Sa Roinn Seo
Réamhrá
Gheobhaidh tú anseo na slite éagsúla ar féidir leat dul i dteagmháil leis an Rannán Saoránachta. Gheobhaidh tú, freisin, eolas faoi cé leis ar féidir leat dul i dteagmháil más rud é gur rugadh lasmuigh d’Éirinn thú agus go bhfuil gaol Éireannach agat.
Ar rugadh lasmuigh d’Éirinn thú?
Má tá gaol Éireannach agat agus má rugadh lasmuigh d’Éirinn thú, téigh i dteagmháil leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha le do thoil, maidir le gach ceist faoi shaoránacht bunaithe ar ghaol le gaol Éireannach más rud é gur rugadh lasmuigh d’Éirinn thú.
Bainistíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha Clár na mBreitheanna Coigríche agus cinnfidh an Roinn sin cé acu atá tú i dteideal bheith i do Shaoránach Éireannach bunaithe ar bhreith nó ar ghinealach nó nach bhfuil.
Mionsonraí teagmhála
Seiceáil an bhfuil tú i dteideal saoránachta sula ndéanann tú teagmháil.
Déan teagmháil, le do thoil, leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha le haghaidh ceisteanna a bhaineann leis an gClár Breitheanna Eachtracha.
Áirigh uimhir aitheantais d’Iarratais (má tá ceann agat) in ábhar an ríomhphoist i gcónaí.
Tá eolas fóinteach i ndáil le saoránacht Éireann agus leis an eadóirseacht, lena n-áirítear na foirmeacha iarratais iomchuí maille le nótaí treorach, áireamhán cónaitheachta eadóirseachta ar líne agus rannán Ceisteanna Coitianta, ar fáil anseo ar shuíomh gréasáin Sheachadadh Seirbhíse Inimirce.
Is féidir mionsonraí teagmhála maidir le ceisteanna is iomchuí maidir le réimsí eile de Sheachadadh Seirbhíse Inimirce a fháil ar shuíomh gréasáin Sheachadadh Seirbhíse Inimirce.
Moilleanna reatha de dheasca COVID-19
De dheasca na srianta a forchuireadh mar gheall ar ghéarchéim cúraim sláinte COVID-19, bíonn moill nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar admhálacha a eisiúint agus ar dhoiciméid a phróiseáil agus a sheoladh ar ais.
Táthar ag déileáil le hiarratais ar eadóirseacht agus le ceisteanna ginearálta i láthair na huaire in ord croineolaíoch. Bíonn an Rannán Saoránachta ag obair go han-dian chun soláthar seirbhíse chomh pras agus is féidir a choinneáil ar bun.
Déanfar ceisteanna le ríomhphost a bhaineann leis an tsaoránacht nó leis an eadóirseacht a scrúdú agus eiseofar freagra chugat in am trátha. Mar gheall ar an líon ríomhphost a bhíonn á bhfáil againn i láthair na huaire, ní bheimid in ann freagra a thabhairt ar aon cheist i ndáil le hiarratas arna fhormheas ar dheimhniú eadóirseachta nó i ndáil le cuireadh chuig an gcéad searmanas saoránachta eile. Is mór againn d’fhoighne leanúnach maidir leis seo.
Is ceart duit a thabhairt do d’aire nach ndéantar ach cur leis an ualach atá ar an bhfoireann má sheoltar ath-ríomhphoist. Mura mbaineann do ríomhphost leis an tsaoránacht, ní eiseofar aon fhreagra breise chugat agus ní dhéanfar aon ghníomhaíocht bhreise maidir le do cheist.
Is féidir an t-eolas is cothroime le dáta uainn a fháil inár Nuacht Saoránachta is Déanaí.