Sa Roinn Seo
Víosaí gearrfhanachta (níos lú ná 3 mhí)
Sula ndéanann tú iarratas ar víosa gearrfhanachta 'C', déan cinnte le do thoil go bhfuil tú eolach ar an mbeartas atá mar bhonn le breithniú iarratais ar víosaí gearrfhanachta.
Beartas maidir le víosaí gearrfhanachta 'C' a bhreithniú
Ní mór do gach iarratasóir ar víosa gearrfhanachta 'C' (cibé acu le haghaidh iontráil aonair nó iliomad iontrálacha) a léiriú go bhfuil naisc teaghlaigh, sóisialta nó eacnamaíocha láidre go leor acu lena dtír chónaithe chun a dhearbhú don oifigeach víosa go mbeidh an fanacht beartaithe in Éirinn sealadach, agus i gcomhréir le fad agus coinníollacha an cheada a dheonaigh na húdaráis inimirce ar theacht go hÉirinn. Is é 90 lá an uastréimhse fanachta a cheadaítear faoi víosa gearrfhanachta 'C'.
Is ortsa atá an fhreagracht naisc shuntasacha a léiriú le tír seachas Éire. Is ortsa atá an dualgas cruthúnais i ngach cás an t-oifigeach víosa a shásamh. Féadfaidh an t-oifigeach víosa aon fhianaise a chuirtear isteach chun tacú le d’iarratas a fhíorú.
Níl aon cheart chun víosa agus níl sraith amháin doiciméad nó imthosca iarratais ann a ráthóidh formheas an iarratais. Mar sin féin, tá na doiciméid a theastaíonn de ghnáth chun tacú le hiarratas leagtha amach sa 'Treoir don Doiciméadúchán Tacaíochta' do gach cineál víosa gearrfhanachta 'C'.
Critéir mheasúnaithe
Agus iarratas á mheasúnú, féadfaidh oifigeach víosa breathnú ar na saincheisteanna seo a leanas:
Stair na gcoireanna tromchúiseacha/ mí-úsáidí inimirce
Má tá stair coireanna tromchúiseacha agat nó stair de sháruithe tromchúiseacha ar dhlí inimirce na hÉireann nó na RA, is féidir gur cúiseanna iad seo ann féin le diúltú do víosa.
Faisnéis/doiciméadúchán bréagach/míthreorach a chur isteach
Achoimre
Go hachomair, beidh ort na nithe seo a leanas a thaispeáint go soiléir: