Cosaint Shealadach do Dhaoine atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht san Úcráin
Tá Treoir an AE um Chosaint Shealadach curtha i ngníomh anois mar fhreagairt ar ghéarchéim na hÚcráine.
Is foráil éigeandála í an Treoir atá deartha chun freagairt thapa agus dhaonnachtúil a dhéanamh ar oll-dhíláithriú mhuintir na hÚcráine de bharr ionsaí na Rúise.
Le haghaidh tuilleadh eolais féach thíos le do thoil.

Cosaint Shealadach
Is féidir leat teacht ar fhaisnéis anseo ar Threoir an AE um Chosaint Shealadach, cé atá incháilithe faoi agus cad a bhfuil siad ina dteideal.
Chun an fhaisnéis inimirce is déanaí a bhaineann leis an Úcráin agus na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht a fháil, féach le do thoil ar leathanach Ceisteanna Coitianta na Roinne. Déanfar an leathanach seo a nuashonrú go rialta.
Nuashonraíodh an leathanach seo an 29 Bealtaine 2023