Sa Roinn Seo
Réamhrá
Tá Treoir an AE um Chosaint Shealadach curtha i ngníomh anois mar fhreagairt ar ghéarchéim na hÚcráine. Is foráil éigeandála í an Treoir atá deartha chun freagairt thapa agus dhaonnachtúil a dhéanamh ar oll-dhíláithriú mhuintir na hÚcráine de bharr ionsaí na Rúise.
Tá Éire rannpháirteach sa bheart seo, ar tugadh éifeacht dhlíthiúil dó faoi Alt 60 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015.
Faoi théarmaí na Treorach, beidh na daoine sin atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht san Úcráin incháilithe do chosaint shealadach, ar feadh bliana ar dtús agus ar bhonn in-athnuaite. Beidh feidhm ag an Treoir maidir leo siúd a tháinig isteach sa Stát ón Úcráin ó thosaigh an choinbhleacht an 24 Feabhra 2022.
Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil feidhm ag an tarscaoileadh Víosa reatha do náisiúnaigh na hÚcráine maidir le haon náisiúnaigh eile a bhfuil gá leo le víosa a chónaíonn san Úcráin lena n-áirítear aon bhall teaghlaigh de náisiúnaigh na hÚcráine. Beidh ar náisiúnaigh den sórt sin iarratas a dhéanamh ar víosa iontrála, féach le do thoil ar leathanach Ceisteanna Coitianta na Roinne .
Soláthróidh sé rochtain láithreach do thairbhithe ar an margadh saothair, mar aon le rochtain ar chosaint shóisialta agus tacaíochtaí Stáit eile .
Tá freagra uile-Rialtais á shlógadh chun na socruithe praiticiúla a chur i bhfeidhm chun éifeacht a thabhairt do na gealltanais sin.
Tabharfar litir dóibh siúd ar tugadh Cosaint Shealadach dóibh ag sonrú a gCosaint Shealadach sa Stát. Cuirfidh an litir cheada seo ar a gcumas rochtain a fháil ar gach tacaíocht riachtanach chomh luath agus is féidir.
Chun an fhaisnéis inimirce is déanaí a bhaineann leis an Úcráin agus na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht a fháil, féach le do thoil ar leathanach Ceisteanna Coitianta na Roinne . Déanfar an leathanach seo a nuashonrú go rialta.
Tuilleadh Eolais ar Threoir an AE um Chosaint Shealadach
Cuireadh an Treoir um Chosaint Shealadach (2001/55 CE) i ngníomh le Cinneadh AE 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022, chun cosaint láithreach a sholáthar i dtíortha AE do dhaoine atá easáitithe mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Cé atá in ann leas a bhaint as Cosaint Shealadach?
Baineann Cosaint Shealadach in Éirinn leis na grúpaí daoine seo a leanas arbh éigean dóibh teitheadh ón Úcráin mar gheall ar ionradh na Rúise:
a) náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a bhí ina gcónaí san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022;
b) Náisiúnaigh tríú tír (seachas an Úcráin) nó duine gan stát a bhain leas as cosaint idirnáisiúnta (mar shampla: Stádas Dídeanaí) nó stádas cosanta náisiúnta coibhéiseach san Úcráin agus a bhí ina gcónaí ann roimh an 24 Feabhra 2022;
c) Baill teaghlaigh daoine arna gcumhdach ag a) agus b), i gcás ina raibh a dteaghlach ann cheana féin san Úcráin, roimh an 24 Feabhra.
Áirítear ar bhaill teaghlaigh céile nó páirtí, leanaí mionaoiseacha neamhphósta ceachtar acu, agus a ngaolta teaghlaigh cleithiúnaí eile a bhí ina gcónaí leo mar chuid den aonad teaghlaigh roimh an 24 Feabhra 2022.
Tá feidhm ag cosaint shealadach freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír (seachas an Úcráin) agus daoine gan stát a bhí ina gcónaí san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 agus a bhfuil cead cónaithe buan ón Úcráin acu, nach féidir leo filleadh go sábháilte ar a dtír thionscnaimh.
Daoine a thagann go hÉirinn a raibh cónaí orthu go dleathach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 le cead cónaithe sealadach nó gearrthéarmach arna eisiúint ag údaráis na hÚcráine, tabharfar cúnamh dóibh filleadh ar a dtír thionscnaimh, le tacaíocht ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM), má tá sé sábháilte dóibh é sin a dhéanamh.
Más náisiúnach de chuid na hÚcráine thú atá in Éirinn faoi láthair ar chead nó stampa inimirce, mar shampla mar mhac léinn nó mar dhuine le ceadúnas fostaíochta, fanfaidh tú ar an gcead/stampa sin go dtí go rachaidh sé in éag nó go mbeidh sé dlite le hathnuachan. Ag an bpointe sin, féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh ar cheart do chead reatha a shíneadh nó a athnuachan tuilleadh nó leas a bhaint as Cosaint Shealadach ar feadh na coda eile den tréimhse a bhfuil an Chosaint Shealadach ar fáil ina leith mar a chinneann Comhairle an AE.
Teidlíochtaí daoine dá ndeonófar Cead Sealadach
Beidh na daoine a dtugtar cosaint shealadach dóibh faoin Treoir um Chosaint Shealadach i dteideal:
Cé gur féidir le duine atá i dteideal cosanta sealadaí iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta tráth ar bith, ní féidir leas a bhaint as cosaint shealadach fad a bheidh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta. Chaithfí iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar sula bhféadfaí cosaint shealadach a dheonú nó vice versa.
Ní bheidh rochtain láithreach ag duine a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar fhostaíocht, ar leas sóisialach, nó ar thaisteal idirnáisiúnta ar an mbealach céanna a bheidh ag duine a fhaigheann cosaint shealadach.
Cé atá eisiata ó incháilitheacht do Chosaint Shealadach?
Féadfaidh an tAire duine a eisiamh ó chosaint shealadach sna cúinsí seo a leanas:
(a) Tá cúiseanna tromchúiseacha ann chun a mheas go bhfuil an méid seo a leanas ag an duine:
i. go bhfuil coir in aghaidh na síochána, coir chogaidh nó coir in aghaidh na daonnachta déanta aige, mar atá sainmhínithe sna hionstraimí idirnáisiúnta arna dtarraingt suas chun foráil a dhéanamh i leith coireanna den sórt sin,
nó
ii. fuarthas ciontach i ngníomhartha atá contrártha do chuspóirí agus do phrionsabail na Náisiún Aontaithe,
(b) go bhfuil forais réasúnacha ann chun an duine a mheas mar chontúirt do shlándáil an Stáit,
( c ) Is é tuairim an Aire gur contúirt an duine do phobal an Stáit toisc gur ciontaíodh é le breithiúnas críochnaitheach i gcoir thromchúiseach ar leith, cibé acu sa Stát nó in áit eile, nó
(d) Tá cúiseanna tromchúiseacha ann chun a mheas go ndearna an duine coir thromchúiseach neamhpholaitiúil lasmuigh den Stát sula ndeachaigh sé isteach sa Stát.
nó
(e) Féadfaidh Náisiúnaigh Tríú Tíortha a thagann go hÉirinn a raibh cónaí orthu go dleathach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 le cead cónaithe sealadach nó gearrthéarmach arna eisiúint ag údaráis na hÚcráine, leas a bhaint as filleadh deonach cuidithe ar a dtír thionscnaimh, le tacaíocht ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Imirce (IOM), má tá sé sábháilte dóibh déanamh amhlaidh.
(f) Náisiúnaigh de chuid na hÚcráine nach féidir leo fianaise leordhóthanach ar chruthúnas cónaitheachta san Úcráin a sholáthar an 24 Feabhra 2022 nó díreach roimhe sin.
Conas do chead a athnuachan
An bhfuil cosaint shealadach agat in Éirinn? Más ea, tá do chead reatha bailí go dtí 4 Márta 2025. Más mian leat leas a bhaint as cead suas go dtí 4 Márta 2026 ní mór duit iarratas a dhéanamh anois chun do chead a athnuachan.
Tá sé ríthábhachtach go gcomhlánóidh tú d’iarratas chomh luath agus is féidir, chun a chinntiú go bhfuil cead bailí um Chosaint Shealadach agat.
Gheobhaidh tú sonraí iomlána ar leathanach gréasáin Thairbhithe na Cosanta Sealadacha .