Daoine nach náisiúnaigh den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ná den Eilvéis iad
Bainigí úsáid as an áireamhán seo chun a sheiceáil an bhfuil go leor cónaitheachta ináirithe agaibh in Éirinn chun iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireann trí eadóirsiú.
Náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus den Eilvéis
Ná bainigí úsáid as an áireamhán seo. Ina ionad sin, ní mór daoibh doiciméid éagsúla a chur isteach lena gcruthaítear fad bhur gcónaithe in Éirinn. Féachaigí liosta de na tíortha san Aontas Eorpach agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
Séanadh
Cuireadh an feidhmchlár seiceála cónaitheachta ar fáil mar threoir ghinearálta chun cabhrú le hiarratasóirí agus iad ag seiceáil an sásaítear na coinníollacha reachtúla a bhaineann le cónaitheacht, agus cuirtear ar fáil é gan aon bharánta sainráite nó intuigthe maidir lena chruinneas nó lena iomláine.
Is ar phriacal an úsáideora atá úsáid an fheidhmchláir.
Séanann an Roinn Dlí agus Cirt go sainráite gach dliteanas agus freagracht agus aon dliteanas agus freagracht i leith aon duine i leith iarmhairtí aon ní a dhéanann nó nach ndéanann an duine sin agus é nó í ag dul i muinín aschur na treorach seiceálaí cónaitheachta seo.
Ní hionann aschur na treorach seo agus cinneadh ar do chónaitheacht
Déantar measúnú oifigiúil ar do chónaitheacht ináirithe nuair a dhéantar d'iarratas a thaisceadh. Tabhair do d'aire, le do thoil, gurb amhlaidh, mura sásaíonn tú na ceanglais chónaitheachta, faoi réir fhorálacha Ailt 15A agus 16 d'Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956, arna leasú, gur féidir go measfar d'iarratas a bheith neamh-incháilithe agus go gcaithfear iarratas nua a chur isteach má shásaíonn agus nuair a shásaíonn tú na coinníollacha.
Teagmháil
Má bhíonn aon cheisteanna agat, téigh i dteagmháil linn.
Если вы обнаружили проблему на этой странице, напишите по адресу [email protected].