Sa Roinn Seo
Réamhrá
Míníonn an leathanach seo gach rud a theastaíonn uait a bheith agat más mian leat go bhfreastalódh do leanbh ar bhunscoil nó ar mheánscoil in Éirinn. Más mian leat go bhfreastalódh do leanbh ar bhunscoil nó ar mheánscoil in Éirinn, ní mór duit:
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na ceanglais thíos:
Is féidir leat suíomh Gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna a sheiceáil.
Cóiríocht
Beidh ort na nithe seo a leanas a sholáthar freisin:
Ní dhéanann an tOifigeach Víosaí aon ghrinnfhiosrúchán nó imréiteach ar theaghlaigh a dhéanann óstáil ar mhic léinn faoi 18 mbliana d’aois gan tionlacan. Ba cheart do thuismitheoirí/chaomhnóirí gach seiceáil riachtanach a dhéanamh. Ba chóir dóibh a bheith sásta go mbeidh a bpáiste á óstáil i dtimpeallacht shábháilte, shlán agus chuí.
Níl aon teidlíocht ag baill eile den teaghlach taisteal leis an mac léinn nó dul isteach sa Stát.
Má dheonaítear víosa do dhuine faoi bhun 18 mbliana d’aois chun críche staidéir, ní thugtar aon teidlíocht d’aon bhall eile den teaghlach dul in éineacht leis an mac léinn nó dul isteach sa Stát leis an mac léinn.
Cathain is féidir leat iarratas a dhéanamh
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar líne ar víosa.
D’fhéadfaimis iarraidh ort do chuid faisnéise Bithmhéadrachta a sholáthar mar chuid den phróiseas iarratais.
Tá treoir maidir le doiciméid tacaíochta leagtha amach thíos.
Táillí
Cá fhad a thógfaidh sé
Seans go dtógfaidh d’iarratas níos faide:
Tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin na hoifige víosaí, na hambasáide nó na consalachta atá ag láimhseáil d’iarratas. Is féidir leat na hamanna próiseála le haghaidh iarratas a sheiceáil ansin.
Más rud é go bhfuil d’iarratas á phróiseáil ag an oifig víosaí (Seachadadh Seirbhísí Inimirce, An Roinn Dlí agus Cirt chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 13-14 Cé an Bhurgaigh, Baile Átha Cliath), is féidir leat dáta na n-iarratas atá á bpróiseáil faoi láthair a sheiceáil ar ár leathanach Cinntí Víosaí .
Coinníollacha a bhaineann le víosa staidéir
Iarraimid ort ár bpolasaí ar náisiúnaigh neamh-LEE atá ag staidéar in Éirinn a léamh. Imlíníonn sé seo na coinníollacha a bhaineann le mic léinn dá leithéid a cheadaímid teacht isteach sa Stát. Léigh ár bpolasaí le do thoil sula ndéanann tú d’iarratas ar víosa.
Doiciméid tacaíochta
Má chuireann tú doiciméad isteach nach bhfuil i mBéarla ná i nGaeilge, ní mór duit aistriúchán iomlán a sholáthar freisin. Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith i ngach doiciméad aistrithe:
Ba cheart go mbeadh gach litir a chuireann gnólacht, cuideachta nó eagraíocht eile isteach ar pháipéar ceannteidil oifigiúil. Ní mór dóibh sonraí teagmhála iomlána a sholáthar freisin ionas gur féidir linn iad a fhíorú. Caithfidh siad seo a bheith san áireamh:
Breithneoidh an tOifigeach Víosaí gach iarratas ar a thuillteanas féin. Féadfaidh siad tuilleadh faisnéise nó doiciméadúcháin a iarraidh freisin.