Sa Roinn Seo
Táillí Víosa
Is iad na táillí le haghaidh víosaí:
Is táille riaracháin é an táille víosa a chlúdaíonn an costas a bhaineann le d’iarratas a phróiseáil. Ní féidir an táille seo a aisíoc má dhiúltaítear do d’iarratas nó má tharraingítear siar é.
D’fhéadfadh go mbeadh ort táillí breise a íoc mar shampla – a bhaineann le do dhoiciméid a chur isteach. Beidh sonraí faoi tháillí breise agus aon roghanna íocaíochta áitiúla ar shuíomh Gréasáin na hOifige Víosaí/Ambasáid/Consalachta .
Tabharfaidh an fhoirm iarratais achoimre (a chuirtear ar fáil nuair a chomhlánaíonn tú d’iarratas ar líne ar AVATS faisnéis duit maidir le cén áit ar féidir leat teagmháil a dhéanamh maidir leis an táille iarratais a íoc.
Iarratais dírithe chuig an Oifig Víosaí, Baile Átha Cliath
Tá faisnéis maidir le conas an táille víosa a íoc ar iarratais a dhírítear chuig an Oifig Víosaí – Baile Átha Cliath , ar fáil .
Díolúintí ó tháillí víosa
Tá roinnt iarratasóirí díolmhaithe ón gceanglas táille víosa a íoc. Seiceáil thíos le fáil amach an mbaineann an táille víosa leat.
Náisiúntachtaí Díolmhaithe ó Tháillí Víosa
Baill Teaghlaigh Shaoránaigh na hÉireann
Baill teaghlaigh Shaoránaigh Éireannacha atá díolmhaithe ó tháillí víosa (ar na doiciméid riachtanacha a thabhairt ar aird)
Tairbhithe Threoir 2004/38/CE (Treoir um Shaorghluaiseacht)
Tá tairbhithe Threoir 2004/38/CE (Treoir um Shaorghluaiseacht) ie 'baill cháilitheacha de theaghlach' Shaoránaigh an AE/LEE/na hEilvéise díolmhaithe ó tháillí víosa.
Baill eile den teaghlach – .i. Níl Baill den Teaghlach Ceadaithe díolmhaithe ó tháillí, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil siad ag gabháil le, nó ag teacht isteach, lena mball teaghlaigh AE faoin Treoir, ach amháin má tá Cárta arna eisiúint faoi Airteagal 5(2) nó faoi Airteagal 10(1) den Treoir acu, a cheadaíonn dóibh leas a bhaint as saorghluaiseacht gan ceanglas víosa. Mar sin féin, i gcás ina bhformheastar an t-iarratas ar víosa ó 'bhall teaghlaigh ceadaithe', aisíocfar an táille víosa.
Faoi Airteagal 3.1 den Treoir, ní mheastar gur tairbhí é ball teaghlaigh saoránach den AE/LEE/Eilvéise ach amháin má tá siad in éineacht lena bhall teaghlaigh AE/LEE/Eilvéise go hÉirinn, nó ag teacht isteach in Éirinn leo sa chás go bhfuil siad ann cheana féin . Chun leas a bhaint as díolúine ó tháillí faoin gcatagóir seo, ní mór fianaise a sholáthar le d’iarratas chun a dheimhniú gur tairbhí tú. Féadfaidh fianaise den sórt sin a bheith i bhfoirm litreach sínithe ó bhall teaghlaigh an AE/LEE/Eilvéise, ag deimhniú an phlean taistil agus/nó sonraí taistil/sonraí eitilte deimhnithe, mar aon le cóip dá phas agus fianaise ar do ghaol.
Náisiúnaigh na dtíortha atá san áireamh i gClár Tarscaoilte Víosa Gearrfhanachta na hÉireann ar cónaitheoirí dleathacha fadtéarmacha iad sa RA
Náisiúnaigh na dtíortha atá san áireamh i gClár Tarscaoilte Víosa Gearrfhanachta na hÉireann ar cónaitheoirí dleathacha fadtéarmacha iad sa RA.
Daoine eile atá díolmhaithe ó tháillí víosa
Baineann gach tagairt do ‘chéile’ le páirtnéir sibhialta freisin .i. duine a bhfuil páirtnéireacht chláraithe aige nó aici, nó atá ina pháirtí in aicme caidrimh dhlíthiúil a shonraítear in ordú faoi alt 5 den Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de Chomhchónaitheoirí 2010 mar dhuine atá i dteideal a bheith aitheanta mar pháirtnéireacht shibhialta.