Tar chun bheith i do Shaoránach Éireannach trí iarratas a dhéanamh chuig an Aire Dlí agus Cirt ar dheimhniú eadóirseachta.

An nuacht saoránachta is déanaí
Athruithe ar shaoránacht do dhaoine a ndeonaítear Cosaint Idirnáisiúnta dóibh
Tar éis don Rialtas athruithe beartais atá beartaithe agus forbairtí reachtacha a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta agus saoránacht a cheadú, tiocfaidh an t-athrú seo a leanas i bhfeidhm ó Luan, [...]
Searmanas Saoránachta atá le teacht – Dé Luain an 1ú agus Dé Máirt an 2ú Nollaig 2025
Beidh na chéad searmanais saoránachta eile ar siúl Dé Luain an 1 Nollaig agus Dé Máirt an 2 Nollaig 2025 ag an INEC, Cill Airne, Co. Chiarraí. CuiríMás rud é go bhfuil tú dlite [...]
Searmanas Saoránachta atá le teacht – Dé Luain an 15ú agus Dé Máirt an 16ú Meán Fómhair 2025
Searmanas Saoránachta atá le Teacht – Dé Luain an 15ú agus Dé Máirt an 16ú Meán Fómhair 2025 Beidh na chéad searmanais eile ar siúl Dé Luain an 15ú agus Dé Máirt an 16ú de [...]
Tar chun bheith i do Shaoránach Éireannach
Tá ceistneoir treorach úsáideach anseo chun a sheiceáil an saoránach Éireannach ó bhreith nó ó ghinealach thú.
Tá treoir agus eolas úsáideach anseo chun seiceáil a dhéanamh ar theidlíocht chun iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireann trí eadóirsiú, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, táillí agus an próiseas iarratais.
Féadfaidh daoine a rugadh lasmuigh d’Éirinn agus a bhfuil seantuismitheoir is náisiúnach Éireannach a rugadh in Éirinn acu saoránacht Éireann a fháil trí chlárú i gClár na mBreitheanna Coigríche.
Bain úsáid as an áireamhán seo chun a sheiceáil an bhfuil go leor cónaitheachta ináirithe agat in Éirinn chun iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireann trí eadóirsiú mura náisiúnach den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ná den Eilvéis thú.
Tá freastal ar shearmanas saoránachta ar an gcéim dheiridh chun an próiseas eadóirseachta a chur i gcrích.
An dlí, beartas agus treoir maidir le saoránacht
Tá eolas úsáideach anseo faoin bhFógra Poiblí faoi deimhnithe arna ndeonú, faoin bhFógra Príobháideachais faoi Shonraí Saoránachta agus faoi Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956, le haghaidh tagartha.
Ní foláir duit dearbhú go bhfuil ar Intinn agat saoránacht Éireann a Choinneáil a chomhlánú má tá cónaí ort lasmuigh d’Éirinn trí Fhoirm 5 a chomhlánú gach bliain.
Is féidir leat do shaoránacht Éireann a thréigean (a thabhairt suas) go deonach. Má thréig tú do shaoránacht roimhe seo, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun í a athfháil, i gcás gur rugadh ar oileán na hÉireann thú agus sa chás sin amháin.
Má fuair tú do shaoránacht trí eadóirsiú, tá roinnt imthosca ann ina bhféadfar í a chúlghairm (a thógáil ar ais uait).
Tá eolas úsáideach anseo más rud é gur saoránach Éireannach thú agus go bhfuil tú ag iarraidh teacht chun bheith i do shaoránach de thír eile nó teacht chun bheith i do shaoránach Éireannach agus do shaoránacht de thír eile a choinneáil.
Tá eolas úsáideach anseo más mian leat dearbhú cónaitheachta a dhéanamh chun iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach thar ceann do linbh a rugadh ar oileán na hÉireann ar an 1 Eanáir, 2005, nó dá éis.
Seirbhísí agus Eolas Eile
Tá eolas úsáideach anseo faoi dhoiciméid bhunaidh agus aistriúcháin a chóipeáil, maille le heolas faoi dhoiciméid phoiblí agus a gcóipeanna deimhnithe atá díolmhaithe ó dhleathú agus ón bhfoirmiúlacht apastaile laistigh den Aontas Eorpach.
Má athraíonn tú do sheoladh, is ceart duit foirm athraithe an tseolta a chomhlánú. Ní leor treoracha ó bhéal ná fógra ríomhphoist.
Seo liosta de Cheisteanna Coitianta a bhaineann le Saoránacht in Éirinn.
Coinnigh ar an eolas faoin nuacht agus na fógraí Saoránachta is déanaí.
Is féidir leat dul i dteagmháil leis an bhfoireann Saoránachta trí ríomhphost, ar an teileafón nó leis an bpost.