Sa Roinn Seo
Réamhrá
Léigh thíos le do thoil na coinníollacha maidir le do dheimhniú eadóirseachta a choinneáil má tá gnáthchónaí ort lasmuigh d’Éirinn ar feadh níos mó ná 7 mbliana go leanúnach.
Deimhniú eadóirseachta a chúlghairm
Faoin Acht um Náisiúntacht agus Saoránacht na hÉireann 1956 arna leasú, tá an chumhacht ag an Aire Dlí agus Cirt deimhniú eadóirseachta a chúlghairm i gcás ina bhfuil gnáthchónaí ar dhuine lasmuigh den Stát ar feadh seacht mbliana tar éis eadóirsithe, mura rud é;
Chláraigh siad go bliantúil ar an modh forordaithe a n-ainm agus dearbhú go bhfuil sé ar intinn acu saoránacht Éireannach a choinneáil le misean taidhleoireachta Éireannach nó oifig chonsalachta nó leis an Aire.
Conas a dhearbhú go bhfuil sé ar intinn agat Saoránacht Éireannach a choinneáil
Ní mór duit “Dearbhú go bhfuil sé ar intinn agat Saoránacht Éireannach a Choinneáil” a chomhlánú má tá cónaí ort lasmuigh d’Éirinn, trí Fhoirm 5 a chomhlánú go bliantúil.
Comhlánaigh an fhoirm seo le do thoil más rud é:
Bí cinnte go n-úsáideann tú an leagan is déanaí a foilsíodh de gach foirm agus iarratas nó dearbhú á dhéanamh agat. Má chomhlánaíonn tú seanleagan den fhoirm, seolfar ar ais chugat é agus beidh ort tosú arís.
Foirm 5: Foirm iarratais ar intinn chun Saoránacht Éireannach a Choinneáil
Má bhíonn aon cheisteanna agat, téigh i dteagmháil leis an bhfoireann Saoránachta, le do thoil.