Mar chuid d’iarrachtaí leanúnacha chun leathadh an víris COVID-19 a mhoilliú agus chun sábháilteacht custaiméirí a chinntiú, tá cinneadh déanta againn síneadh a chur, go dtí Dé Luain an 31 Eanáir 2022, leis an mbeart sealadach atá i bhfeidhm lena gceadaítear iarratais ar Chearta Conarthacha AE agus ar Chónaithe Intíre agus ar dhoiciméid tacaíochta a chur isteach trí ríomhphost.
B’fhearr dá bhféadfaí gach ceangaltán a chur isteach i bhformáid Adobe (.pdf). Ní féidir comhaid zipped nó criptithe a chur isteach.
Is féidir na seoltaí ríomhphoist ábhartha chun iarratais a chur isteach a fháil tríd an nasc seo .
Éileoidh Rannán Cearta Conartha an AE an buniarratas a chur isteach sa phost in am trátha. D’fhéadfadh go n-iarrfar doiciméid bhunaidh d’iarratais ar Chónaithe Intíre in am trátha.
(Tábhachtach – I gcás ionadaithe dlí atá ag cur iarratais nó doiciméid eile isteach trí ríomhphost, ba cheart foirm údaráis a chur san áireamh freisin de réir mar is cuí).
Coinneofar an staid reatha faoi athbhreithniú rialta. Ba cheart duit an suíomh Gréasáin a sheiceáil go rialta le haghaidh nuashonruithe.