D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD, inniu go gcuirfear síneadh leis an rogha víosa gearrfhanachta iliontrála 5 bliana chuig na tíortha go léir a bhfuil víosa ag teastáil uathu.

Ag fógairt an athraithe dúirt an tAire McEntee:

'Is beart an-dearfach é víosaí gearrfhanachta iliontrála 5 bliana a bheith ar fáil d'iarratasóirí incháilithe ó na tíortha go léir a bhfuil gá acu le víosa. Cuirfidh sé ar chumas daoine a thugann cuairt ar Éirinn go rialta, ar chúiseanna gnó nó teaghlaigh go háirithe, iarratas amháin a dhéanamh, a chlúdóidh taisteal thar thréimhse cúig bliana nuair a dheonaítear é.

Mar sin beidh taisteal go hÉirinn ina rogha níos áisiúla agus níos tarraingtí ag am a bhfuil an taisteal ar fud an domhain ag tosú arís agus ár dtionscal turasóireachta, go háirithe, ag athoscailt tar éis thionchar na paindéime COVID 19.'

Go dtí seo, tá víosaí iliontrála 1 bhliain, 2 bhliain agus 3 bliana curtha ar fáil ag Éirinn, agus níl an rogha ach víosa iliontrála 5 bliana a bheith ar fáil do shealbhóirí pas na Síne amháin (a tugadh isteach in 2019). Tá an incháilitheacht seo leathnaithe anois chuig na tíortha go léir a bhfuil víosa ag teastáil uathu.

Go ginearálta, ní eisítear víosaí iliontrála ach amháin d’iarratasóir a bhfuil stair taistil Éireannach comhlíontach léirithe aige. Agus na hathruithe nua á bhfógairt ag an Aire inniu, beidh daoine a thaistealaíonn go minic chuig an Ríocht Aontaithe, limistéar Schengen, SAM, Ceanada, an Astráil nó an Nua-Shéalainn, agus a bhfuil coinníollacha na víosaí sin comhlíonta acu, in ann iarratas a dhéanamh ar an rogha víosa ilbhliantúil (d’aon ré ó 1 go 5 bliana), fiú mura bhfuil aon stair taistil Éireannach acu roimhe sin.

Féadfar víosa iliontrála a cheadú freisin do roinnt taistealaithe gnó, faoi choinníollacha áirithe, nach bhfuil stair taistil acu go hÉirinn roimhe seo.

Ceadaíonn víosa iliontrála don sealbhóir taisteal go hÉirinn ar roinnt ócáidí le linn na ndátaí a thaispeántar ar an víosa.

Tá an rogha caighdeánach víosa iontrála aonair fós ar fáil freisin.

Mar is amhlaidh le gach iarratas ar víosa, is de rogha an Oifigigh Víosaí ábhartha a dheonófar víosa iliontrála.