Tá ceanglais víosa athiontrála do leanaí faoi 16 bliana d’aois curtha ar fionraí le héifeacht láithreach agus go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Leanaí faoi 16 bliana d'aois atá ina gcónaí sa Stát faoi láthair agus ar mian leo filleadh ar an Stát, ní mór dóibh a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóir dlíthiúil a bhfuil cead dáta acu chun cónaí sa Stát a bheith in éineacht leo. Ní mór don duine fásta atá in éineacht leis an leanbh na doiciméid chuí a sholáthar freisin chun a chruthú gurb é/í tuismitheoir dlíthiúil nó caomhnóir an linbh atá i gceist.
Is iad seo a leanas na doiciméid oiriúnacha chun an gaol idir an tuismitheoir nó an caomhnóir agus an leanbh a chruthú:
- Teastas breithe nó uchtála, nó páipéir chaomhnóireachta a thaispeánann do chaidreamh leis an leanbh
- Teastas pósta/colscartha más tusa tuismitheoir an linbh ach go bhfuil sloinne eile agat
- Deimhniú báis i gcás tuismitheora nach maireann
Is féidir le leanbh ar bith nach bhfuil ina chónaí sa Stát faoi láthair agus ar mian leis teacht isteach sa Stát iarratas a dhéanamh ar víosa iontrála ag an VO nó misean is gaire dóibh.
Tá tuilleadh eolais faoi thaisteal le leanaí ar fáil ar líne ag www.irishimmigration.ie/at-the-border/travelling-with-children .
Tabhair faoi deara le do thoil go seolfar iarratais reatha ar víosaí athiontrála do leanaí faoi 16 bliana d'aois ar ais mar aon le pasanna chuig custaiméirí sna laethanta amach romhainn.