Ar an 30 Márta 2022, d’fhoilsigh na Seirbhísí Inimirce foirmeacha iarratais nua ar chónaí in Éirinn faoi Threoir 2004/38/CE.

Tá na Foirmeacha nua go léir agus na Bileoga Míniúcháin a théann leis seo curtha le Suíomh Gréasáin na Seirbhísí Inimirce www.irishimmigration.ie .

Dá bhrí sin, más mian leat iarratas a dhéanamh ar chónaí in Éirinn tar éis an 30 Aibreán 2022 tar éis duine den teaghlach saoránach AE/LEE/Eilvéise a d’aistrigh go hÉirinn nó a bhfuil cónaí air in Éirinn de bhun Threoir 2004/38/CE a thionlacan nó a cheangail, cinntigh le do thoil go n-úsáideann tú na foirmeacha nua.

Tabhair faoi deara le do thoil go nglacfar le hiarratais chomhlánaithe ag baint úsáide as na seanfhoirmeacha suas go dtí an 30/04/2022 agus an dáta sin san áireamh (marcáilte 29/04/2022). Ina dhiaidh sin ní ghlacfar le hiarratais ach ar na foirmeacha nua agus seolfar ar ais iad siúd ar na seanfhoirmeacha gan a thuilleadh próiseála.

Cad iad na hAthruithe

Is é an Fógra Príobháideachta Sonraí an príomhathrú ar gach foirm. Tagraíonn gach foirm don Chomhaontú Aistarraingthe agus gur féidir le baill teaghlaigh ábhartha náisiúnach na RA a n-iarratas ar chónaithe/doiciméad buanchónaithe etc. a chur isteach ar na foirmeacha nua seachas ar na foirmeacha Comhaontaithe Aistarraingthe a tugadh isteach roimhe seo.

Foirm EUTR5 (coinneáil an chirt cónaithe) i bhformáid iomlán nua (EU5 a bhí san fhoirm roimhe seo).
Foirm EUTR4 (iarratas ar athbhreithniú) i bhformáid iomlán nua freisin (EU4 an fhoirm roimhe seo).
Tá athrú tagtha ar Fhoirm EUTR1 maidir le ceisteanna a bhaineann le baill cháilitheacha áirithe den teaghlach – leanaí cleithiúnacha nó tuismitheoirí.

Tá roinnt mionathruithe eile infheidhme maidir le formhór na bhfoirmeacha a bhaineann le doiciméid a theastaíonn m.sh. in ionad P60 amháin a lorg, iarrtar Achoimre ar Shonraí Fostaíochta, doiciméid phoiblí áirithe de thionscnamh an AE a thíolacadh le foirm chaighdeánach ilteangach in ionad an cheanglais aistriúchán deimhnithe a bheith acu ( https://e-justice.europa.eu/551/GA/public_documents )