Má tá doiciméid chúirte ag náisiúnach neamh-LEE a dhearbhaíonn gur saoránach de thír AE é ach nach bhfuil pas AE aige a dheimhníonn an stádas sin, ba cheart dó a chinntiú go gcoimeádann siad a gcead inimirce Éireannach (Stampa 1 nó Stampa 2 etc.) cothrom le dáta, chun leanúint de bheith ina gcónaí go dlíthiúil sa Stát, fad a bhíonn siad ag fanacht ar eisiúint a bpas AE.
Mura bhfuil cead inimirce Éireannach ag náisiúnach neamh-LEE, sula n-eisítear a phas AE, ní bheidh aon teidlíocht fanachta aige agus ba cheart dó socruithe a dhéanamh chun an Stát a fhágáil.
Tabhair do d’aire le do thoil nach dtabharfaidh Seirbhísí Inimirce cead inimirce do náisiúnach neamh-LEE d’fhonn fanacht go n-eiseofar a phas AE amháin.
Nuashonraíodh an leathanach seo an uair dheireanach ar 21 Nollaig 2023