Osclaíonn Clár Iontrála na hAfganastáine d'iarratais
Tá Clár Iontrála na hAfganastáine oscailte d'iarratais ón lá inniu Déardaoin, an 16 Nollaig 2021. Cuirfidh an Clár ar chumas náisiúnaigh reatha nó iarnáisiúnaigh na hAfganastáine atá ina gcónaí go dleathach in Éirinn iarratas a dhéanamh chun a ndlúth-bhaill teaghlaigh, atá ina gcónaí san Afganastáin nó a theith le déanaí chuig críocha atá ar theorainn na hAfganastáine, iarratas a dhéanamh ar chónaí sealadach in Éirinn. [...]