Sa Roinn seo
Réamhrá
Pléann an leathanach seo le hathruithe inimirce áirithe a eascraíonn as an Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 (Uimh. 24 de 2010).
Socruithe inimirce do pháirtnéirí sibhialta
Tháinig an tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 (Uimh.24 de 2010) i bhfeidhm an 13 Eanáir 2011. Mínítear thíos na hathruithe inimirce a eascraíonn as an Acht seo.
Sainmhíniú ar pháirtnéir sibhialta
Sainmhínítear páirtnéir sibhialta chun críocha inimirce mar cheachtar de bheirt den ghnéas céanna:
Go dtí seo tá cúig Ordú déanta:
Déileáil le páirtnéirí sibhialta i gcásanna inimirce
Déileálfar le páirtnéir sibhialta, mar a shainmhínítear thuas, mar pháirtnéir atá coibhéiseach i gcúrsaí inimirce le duine atá pósta le duine eile den ghnéas eile i gcás nár díscaoileadh an gaol pósta nó ina bhfuil sé ina ábhar d'fhoraithne neamhnithe.
Go hachomair, déileálfaidh na húdaráis inimirce le páirtnéireacht shibhialta ar an mbealach céanna le pósadh. Is féidir aon tagairtí do phósadh sna fógraí eolais ar an suíomh seo a léamh de réir mar is infheidhme ar an mbealach céanna le páirtnéireacht shibhialta.
Comhpháirtithe
Níl aon athrú ar an gcaoi a ndéileáiltear le páirtnéirí nach páirtnéirí sibhialta iad (mar a shainmhínítear thuas) ná le daoine pósta. Tá feidhm fós ag na socruithe atá ann cheana agus níl an meascán inscne i gcomhpháirtíochtaí den sórt sin ábhartha don chinneadh inimirce.