Sa Roinn Seo
Réamhrá
Tá an tAonad Bainistíochta Teorann tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí go léir go cothrom. Tá sé mar aidhm ag an Aonad comhsheasmhacht, cothroime agus trédhearcacht a chinntiú ina fhreagra ar aiseolas ó sheirbhís do chustaiméirí agus éascóidh sé feabhsuithe ar sholáthar seirbhíse nuair a mheastar go bhfuil gá leis sin.
Aiseolas ó chustaiméirí
Cuireann nós imeachta aiseolais custaiméara atá éifeachtach, dírithe ar réiteach, le seachadadh seirbhíse agus le muinín an phobail as ár gcuid oibre. Tugann an polasaí Aiseolais um Sheirbhís do Chustaiméirí BMU thíos breac-chuntas ar nósanna imeachta an Aonaid Bhainistíochta Teorann chun dul i ngleic le saincheisteanna seirbhíse do chustaiméirí.
Nuashonraíodh an leathanach seo an uair dheireanach ar 25 Eanáir 2023