Sa Roinn Seo
Cad is doiciméad taistil ann?
Ligeann doiciméad taistil do dhídeanaithe nach féidir leo pas a fháil, taisteal lasmuigh d’Éirinn.
Is doiciméad oifigiúil taistil é agus eisíonn rialtas na hÉireann é.
Chun doiciméad taistil a fháil ní mór duit a bheith incháilithe faoi Alt 55 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 .
Léigh an t-eolas thíos go cúramach le fáil amach an bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar dhoiciméad taistil?
D’fhéadfá a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar dhoiciméad taistil má tá aon cheann de na ceadanna seo a leanas agat:
Conas a dhéanaim iarratas?
Cliceáil ar an nasc seo a leanas don fhoirm iarratais ar líne.
Molaimid go láidir ár seirbhís ar líne a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar do dhoiciméad taistil.
Tá sé seo mar chuid dár dtiomantas leanúnach chun an próiseas a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla duit féin agus do bhaill do theaghlaigh.
- Treorófar tú tríd an méid atá ag teastáil chun iarratas rathúil a dhéanamh
- Is féidir leat do tháille iarratais a íoc ar líne freisin nuair a chomhlánaíonn tú d’iarratas. €55 an táille iarratais ar dhoiciméad taistil. Tá an táille iarratais neamh-inaisíoctha . Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh le cárta dochair nó cárta creidmheasa. Lean na treoracha ar an scáileán chun do tháille a íoc.
TABHAIR FAOI DEARA: Cé go molaimid go láidir duit ár seirbhís iarratais ar líne a úsáid, glacfaimid le hiarratais pháipéir. Chun a chinntiú go bhfaigheann tú an leagan nua den fhoirm iarratais, cláraigh le do thoil nó logáil isteach i do chuntas Seirbhíse do Chustaiméirí , áit ar féidir leat cóip den fhoirm iarratais pháipéir nua a iarraidh.
Má chuireann tú d’iarratas isteach ar an seanleagan den fhoirm seolfar ar ais chugat é.
Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin?
Tógann sé 20 seachtain faoi láthair iarratais ar dhoiciméad taistil a phróiseáil.
Ní dhéanfar d’iarratas a phróiseáil go dtí go bhfaighimid iarratas comhlánaithe go hiomlán . Seolfar iarratais neamhiomlána ar ais chugat. Ciallaíonn sé seo go gcuirfear moill ar d’iarratas mura gcomhlánaíonn tú an t-iarratas ar líne nó ar pháipéar go hiomlán.
Moltar d’iarratasóirí gan íoc as ticéid aerlíne nó farantóireachta gan doiciméad taistil a bheith eisithe dóibh ar dtús.
TABHAIR FAOI DEARA: Déantar iarratais ar dhoiciméid taistil a phróiseáil i Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD). Ansin déanann Oifig na bPasanna, nach bhfuil faoi smacht Rannóg na nDoiciméad Taistil san ISD, leabhráin doiciméad taistil a phriontáil.
Naisc ábhartha
Ní dhéanfar d’iarratas a phróiseáil go dtí go bhfaighimid iarratas comhlánaithe go hiomlán . Seolfar iarratais neamhiomlána ar ais chugat. Ciallaíonn sé seo go gcuirfear moill ar d’iarratas mura gcomhlánaíonn tú an t-iarratas ar líne nó ar pháipéar go hiomlán.
Seans go mbeidh ort grianghraif, mionnscríbhinní nó doiciméid eile a chur isteach le d’iarratas.
Cliceáil ar na naisc seo a leanas le fáil amach cad a theastaíonn uainn chun d’iarratas a phróiseáil chomh tapa agus is féidir.
Eisítear Doiciméid Taistil faoi Alt 55 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh sonraí .