07 Samhain 2025: Nuashonrú ar fhadhb theicniúil leis an gcóras iarratais ar líne idir 24 – 29 Deireadh Fómhair 2025

De bhreis ar an bhfógra thíos, tá Seachadadh Seirbhíse Inimirce ar an eolas faoi na hiarratasóirí uile lena mbaineann a chuir isteach iarratais agus íocaíochtaí iolracha. Mar thoradh air sin, gá do chustaiméirí lena mbaineann fiosrúchán a chur isteach tríd an Tairseach Seirbhíse do Chustaiméirí chun aisíocaíocht a iarraidh. Cuirfidh Seachadadh Seirbhíse Inimirce na custaiméirí sin ar an eolas dá réir de réir mar a phróiseáiltear aisíocaíochtaí, agus gan mhoill.

Táimid ar an eolas faoi fhadhb theicniúil leis an gcóras iarratais ar líne i rith na tréimhse 24 go 29 Deireadh Fómhair a chuir isteach ar líon beag custaiméirí nárbh fhéidir leo a n-iarratas ar líne a chur isteach tar éis dóibh an íocaíocht a chríochnú. Gheobhaidh gach custaiméir lena mbaineann ríomhphost deimhnithe ina mbeidh uimhir thagartha a n-iarratais.

Mura bhfuil iarratas curtha isteach agat cheana féin atá le feiceáil i “ndréacht” i do chuntas tairsí, ná déan iarracht iarratas eile a chur isteach. Má tá aon cheist agat maidir le híocaíochtaí nó táillí, déan teagmháil lenár bhfoireann tiomnaithe tríd an Tairseach Seirbhíse do Chustaiméirí ISD tríd an rogha seo a leanas a roghnú: Clárú & Cártaí Cead Cónaithe Éireannacha (IRP) - Iarratais Athnuachana Ar Líne - Teastaíonn aisíocaíocht ar tháillí íoctha uaim.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an cheist seo réitithe anois.