Táimid ar an eolas faoi dheacrachtaí atá ag cur isteach ar roinnt custaiméirí agus iad ag iarraidh logáil isteach sa Tairseach Seirbhíse do Chustaiméirí .

Táimid ag fiosrú fadhb faoi láthair a bhaineann leis an bhfíordheimhniú ilfhachtóireach atá ag cur isteach ar roinnt custaiméirí agus ba mhaith linn leithscéal a ghabháil as aon mhíchaoithiúlacht a eascraíonn as.

I gcás custaiméirí lena mbaineann, ba chóir dóibh leanúint d’iarracht a dhéanamh rochtain a fháil ar an Tairseach, ach ba chóir tréimhse mhaith ama a fhágáil idir iarrachtaí logála isteach.

Bí cinnte gur beart sealadach é seo. Táimid ag obair chun réiteach a fháil a luaithe is féidir.

Nuair a bheidh rochtain faighte ag custaiméirí ar an Tairseach Seirbhíse do Chustaiméirí, beidh siad in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí mar is gnách – stádas iarratas inimirce a sheiceáil, ceisteanna a chur agus coinní clárúcháin a chur in áirithe.

Tá treoir maidir le húsáid an Tairseach Seirbhíse do Chustaiméirí ar fáil ag an nasc seo a leanas: Treoir maidir le Tairseach Seirbhíse do Chustaiméirí .